You have chosen

Cad is caipiteal fiontair ann?

Tá caipiteal fiontair ann chun caipiteal a chur ar fáil do ghnóthais atá sna céimeanna tosaigh chun táirgí nua a fhorbairt, sin nó ag leathnú.  Infheistíonn an tAE sa chaipiteal fiontair trí chistí caipiteal fiontair, áiseanna maoinithe a bhunaítear d'aonghnó chun na críche sin.

Bíonn cistí caipiteal fiontair an-roghnach faoi na gnóthais ina n-infheistíonn siad.  Seo cuid de na gnáth-réimsí infheistíochta do chistí caipiteal fiontair:  teicneolaíocht na faisnéise, réimsí eolaíochta beatha/bith-theicneolaíochta. 

Cé a bhaineann tairbhe as caipiteal fiontair?

GBM-anna is mó a bhaineann tairbhe as caipiteal fiontair.  Tagann na cistí caipiteal fiontair ar a ndeiseanna infheistíochta féin, ag brath ar a straitéis infheistíochta.   

Cé a bhaineann tairbhe as infheistíochtaí caipiteal fiontair an AE?

Tríd an tSaoráid um Ard-Fhás agus Nuáil do GBM-anna (GIF) a chuireann an tAE caipiteal fiontair ar fáil, saoráid is ea í atá ar fáil faoin CIP.

Clúdaíonn GIF infheistíocht sna cistí caipiteal fiontair atá dírithe ar na chéad chéimeanna; ina measc síolchistí, agus cistí dírithe ar ghníomhaíocht um aistriú teicneolaíochta; chomh maith le cistí atá dírithe ar GMB-anna le hard-acmhainneacht fáis is iad ag leathnú.  An Ciste Infheistíochta Eorpach (CIF) a bhainistíonn na cistí caipiteal fiontair GIF don Choimisiún Eorpach.  Comhlacht airgeadais AE is ea an CIF, a bhfuil saineolas faoi infheistíocht i gcaipiteal fiontair aige. 


Cuireadh cuid den bhuiséad i leataobh i leith moltaí a chothaíonn éicea-nuálaíocht.

Chun liosta de chistí caipiteal fiontair le tacaíocht ón AE a fheiceáil, gliogáil anseo.

Is féidir eolas faoi theacht ar mhaoiniú sna céimeanna tosaigh a fháil ar shuíomh gréasáin Gate2Growth an Choimisiúin Eorpaigh: http://entrepreneurs.gate2finance.com/